Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain

Comhghairdeachas leis an dá fhoireann díospóireachta ar éirigh leo dul tríd an chéad bhabtha den  chomórtas. Ar an bhfoireann sóisearach bhí Oisín Ó Coistealbha (captaen), Ailbhe Ní Neachtain agus Eoin Ó Neachtain. Phléigh said an rún ‘Tá an óige millte ag a gcuid tuismitheoirí’  agus thug said faoin rún go paiseanta. Phléigh an fhoireann sinsearach an rún ‘Tá ról ríthabhachtach ag Uachtarán na hÉireann’, agus bhíodar bríomhar agus an-láidir.Ar an bhfoireann bhí Aoife Nic Dhonncha(captaen), Siobhán Ní neachtain agus Aisling Ní Chonghaile. Bhí trí fhoireann sa dhá chomórtas, Coláiste Chroí Mhuire, Coláiste na Coiribe agus Coláiste an Eachréidh. Táimid an-bhródúil as an dá fhoireann agus guíonn muid gach rath orthú agus iad ag tabhairt faoin gcéad bhabtha eile.

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • sinsear.jpg
  • soisear.jpg

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán