Bríd Ní Churraoin

Foilsithe: 2017-09-29 11:31:59.

Is oth linn a chur in iúl do phobal na scoile gur éag Bríd Ní Churraoin, ár gcara agus ár gcomhghleacaí ar an Déardaoin, 28/9/17. Mhúin sí Gaeilge, Stair, Tíreolaíocht sa scoil ó 1999 go dtí gur éirigh sí tinn i Mí Eanáir, 2015. Duine cineálta, dílis, díograiseach a bhí inti a rinne a dícheall i gcónaí do dhaltaí Choláiste Chroí Mhuire. Aireoimid a comhluadar agus a cairdeas go mór uainn.

Ba mhaith linn comhbhrón a dhéanamh lena fear Tomás, a mac Colm agus a muintir uilig.

Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis.