Craobh Shinsearach de Dhíospóireacht Uí Chadhain buaite  don dara bhliain as a chéile ag foireann Choláiste Chroí Mhuire

Tá Comórtas Uí Chadhain á reáchtáil ag Gael Linn d’iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge, agus bhí suas le 50 foireann páirteach ann ó thús na scoilbhliana seo. Eagraítear an comórtas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge. Seo an chéad uair riamh a reáchtáladh an Chraobh i nGaillimh agus bhí slua de thart ar  300 i láthair ag an ócáid.

Sa chraobh shinsearach bhí Coláiste Eoin agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin , chomh maith le foirne ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill agus Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal. An rún a bhí faoi chaibidil acu sin ná ‘Ba cheart dúinn bata agus bóthar a thabhairt don rialtas seo ag an olltoghchán atá le teacht’

Painéal de chúigear moltóir a bhí i láthair, Liam Mac a’ Mhaoir, Áine Máire Ní Ghioballáin, Peadar Ó Tuathail, Sinéad Ní Ghuidhir, agus Seán Mac Labhraí, agus tar éis díospóireacht fhada eatarthu féin roghnaigh siad Seán Ó Gallchobhair, Cainnear Nic Réamoinn agus Oisín Ó Coisdealbha ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal,  mar bhuaiteoirí ar Chraobh na Sinsear. Mhol siad na cainteoirí go hard na spéire as an gcaighdeán a léirigh siad. Nuair a bhí Aine Máire Ní Ghioballáin ag cur cinneadh na moltóirí in iúl don lucht éistaechta agus dá gcuid foirne dúirt sí nach raibh mórán idir na foirne ach gur chuir foireann amháin síol a d’imigh go mór i gcion ar na moltóirí.

 

Is é  Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údaras na Gaeltachta a bhí mar aoichainteoir ar an oíche. Bhí dea-chuimhní aige féin ar na díospóireachtaí mar go raibh sé páirteach iontu agus é ina scoláire iar-bhunscoile agus ina dhiaidh sin agus é ag freastal ar an Ollscoil. 

 

Bronnadh buanchorn agus dearbháin de luach €1,000 ar an bhfoireann, rud a bhí an-mhaith ar fad, ach is ar an gcorn mór a bhí súile na ndíospóirí agus iad ag glacadh lena ndearbhán!

Tá stair fhada ag an scoil a bheith ag glacadh páirt i ndíospóireachtaí Gael-Linne, agus is cuimhin le go leor  iar scoláirí an méid oibre a rinne an tSiúr Regina de Búrca le foirne díospóireachta thar na blianta. Tá áthas orainn go bhfuil an síol a chur sí fós ag bláthú.

 

 

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • craobh na héireann 1.jpg
  • craobh 2.jpg

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán