Diospóireacht Uí Chadhain 2018

Foireann Sóisearach agus Sinsearach tríd chuig an gcéad bhabhta eile

Bhí an chéad bhabhta de chomórtas diospóireachta Gael Linn ar siúl i gColáiste Chroí Mhuire an Déardaoin seo caite (12/10/17).  Foirne ó chathair agus o chontae na Gaillimhe a bhí san iomaíocht. Is comórtas náisiúnta é seo a eagraíonn Gael Linn do scoileanna lán-Ghaeilge den dara leibhéal.

Ba iad na foirne sóisearacha a chur tús leis aa ócáid agus iad ag plé an rún “Ba cheart deireadh a chur le comórtas Trá Lí!”. Ar ár bhfoireann sóisir bhí Skylyn Ní Mháille, Oisín Ó Coisdealbha agus Seán Ó Gallchobhair. D;éirigh leo  agus Scoil Chuimsitheach Chiarán, An Cheathrú Rua, dul tríd chuig an gcéad bhabhta eile.

Sa gcomórtas sinsir bhí an rún tráthúil seo a leanas a phlé “Is miotas é stádas amaitéarach Chumann Lúthchleas Gael!”.  Ar an bhfoireann seo bhí Aisling Ní Chonghaile, Siobhán Ní Neachtain agus Líadh Robertson. Arís d’éirigh leo agus an fhoireann ón gCeathrú Rua dul tríd. 

Go n-éireoidh leo ar fad sa dara bhabhta

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • 1509094541.jpg
  • 1509094550.jpg

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán