Gradam Áras Chois Fharraige
Ar an Aoine 8ú Nollaig bronnadh Gradam Áras Chois Fharraige ar Shadhbh Ní Chonghaile (Ardteist Coláiste Chroí Mhuire 2017). Tá an gradam seo urraithe ag Áras Chois Fharraige, an Spidéal agus ag Údarás na Gaeltachta. Bronntar é ar scoláire amháin altranachta gach bliain. Is fiú míle euro an gradam ach chomh maith leis an airgead agus píosa álainn criostal tugtar post páirt aimsire don mhacléinn le linn dóibh a bheith saor óna c(h)uid dualgaisí colaiste. Ba é an Comhairleoir Seán Ó Tuairisc a rinneadh an bronnadh, labhair Tadhg Ó Conghaile ar son an Údaráis agus labhair Katie Ní Chualáin ar son an Árais.