"Lá Bróid" do dhaltaí CCM

Lá Bróid

Inné(24/04/18) bhí Lá Bróid ag Coláiste Chroí Mhuire agus muid ag seoladh an plean gnímh don Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta sa scoil. Bhí na scoláirí agus na múinteoirí ar fad rannpháirteach in imeachtaí a raibh sé de sprioc acu an Ghaeilge labhartha a chur chun cinn, agus bród a chothú sa chultúr agus in oidhreacht shaibhir Ghaeltacht Chonamara. I measc na n-imeachtaí a eagraíodh;  bhí caint ar an stair agus ar staid na Gaeilge, bhí ealaín, spórt, amhránaíocht, drámaíocht agus damhsa. D’fhág na daltaí teachtaireachtaí láidre faoin mbród teangan ar bhratach a bheidh mar chuimhneachán buan ar an lá. Mar is eol dúinn ar fad, tá sé do-dhéanta an Béarla a sheachaint i saol an lae inniú agus bheadh sé ró-éasca an Ghaeilge a chailliúint. Caithfidh muid chuile iarracht a dhéanamh tacú leis an nglún seo Gaeilge shaibhir a sinsear a thabhairt leo.

Ár mbuíochas le Gaelscoileanna Teo agus le hÚdarás na Gaeltachta as ucht a gcuid urraíochta.

Níos mó pictiúir le feiceáil ar sa ghailearaí faoi "Lá Bróid"

 

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • DSCN1280 (800x600).jpg
  • DSCN1290 (600x800).jpg
  • DSCN1300 (800x600).jpg
  • DSCN1303 (800x600).jpg
  • DSCN1310 (800x600).jpg
  • DSCN1311 (800x600).jpg
  • DSCN1355 (600x800).jpg
  • DSCN1367 (800x600).jpg
  • DSCN1378 (800x600).jpg
  • DSCN1382 (800x600).jpg
  • IMG_3107 (800x533).jpg
  • IMG_3233 (800x533).jpg

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán