Lá Bróid do na Bunscoileanna
Lá Bróid do na bunscoileanna
Inné an 26ú Aibreán mar pháirt den phlean gnímh den Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta chuir pobal Choláiste Chroí Mhuire fáilte roimh mhúinteoirí agus dhaltaí ranganna a cúig agus a sé na mbunscoileanna aitiúla. Bhí slua mór daltaí as Scoil Éinne, an Spidéal, Scoil Sailearna, Indreabhán, Scoil Choilmcille, An Tulach, Scoil Naisiúnta na bhForbacha agus Scoil Naisiúnta Bhaile Nua, Maigh Cuilinn. Bhí sé mar aidhm ag an scoil díriú isteach ar thábhacht chultúr, oidhreacht agus teanga na Gaeltachta, Gaeltacht Chonamara ach go háirithe.Ghlac na scoláirí páirt i dtaispeántas eolaíochta, a d’fhág an saotharlann clúdaithe le feamainn! Bhí ceol traidisiúnta agus roc, fiontraíocht , ealaín, spóirt agus drámaíocht i measc na n-imeachtaí a d’eagraigh na múinteoirí agus na scoláirí meánscoile. Síleann muid nach mór nasc laidir a bheith againn leis na bunscoileanna agus rinne sé maitheas dár gcroithe na daoine óga ar fad idir bunscoileanna agus an mheanscoil agus iad ag céilúradh oidhreacht agus teanga shaibhir na Gaeltachta. Glacann muid buíochas le Gaelscoileanna Teo agus le hÚdarás na Gaeltachta a chabhraigh linn an dá lá Bróid a chur ar fáil.
Ní bheidh muid ag cur aon phictiúirí ar an suíomh ina mbeadh dalta bunscoile le haithint.