SciFest 2018, duais faighte ag CCM

Scéal iontach ón gComórtas SciFest a bhí ar siúl inné in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe –Maigh Eo.

Tá an duais don Tionscnamh is fearr tré Ghaeilge buaite ag foireann as CCM! B’iad Aoibhín Ní Dhomhnaill, Siobhán Ní Neachtain agus Áine Ní Laoi na baill foirne. Sa phictiúr is é Diarmuid Ó Conghaile (GMIT) atá ag bronnadh na duaise ar na cailiní, iar- scoláire agus mac le Máire Bn Uí Chonghaile a bhí ag teagasc eolaíochta sa scoil le blianta fada go dtí gur éirigh sí as anuraidh. Nach í a bheadh bródúil!

Ár mbuíochas leis an Dochtúir Uí Chéidigh a stiúir na foirne uilig.

Comhghairdeachas ó chroí le hAoibhín, Siobhán agus Áine agus le gach dalta ón Idirbhliain a ghlac páirt inniu.

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • IMG-20180503-WA0000.jpg
  • IMG-20180503-WA0001.jpg
  • IMG-20180503-WA0002.jpg

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán