Scoth Léiriú na Féile faighte ag Bród
Comhghairdeachas le Bróna Ni Uallacháin (a scriobh agus a léirigh an dráma), Rang na hIdirbliana agus an dráma “BRÓD" a fuair Scoth Léiriú na Féile sa Fhéile Scoildrámaíocht Chonnacht, a bhí ar siúl i Seanscoil Sailearna, ar an 7/3/18.
Beidh an dráma seo ag dul ar aghaidh le páirt a ghlacadh sa bhféile Náisiúnta Scoildámaícohta sa Mhuileann gCearr idir an 18ú agus an 25ú Aibreán, 2018. Guímíd gach rath orthu!
Táimid thar a bheith bródúil as lucht na céadbliana a ghlac páirt sa chomórtas freisin. Níor éirigh leo dul tríd an uair seo ach bhí siad thar barr!
Cúpla grianghraif thíos agus níos mó le feiceáil sa ghailearaí.