An Ghaeilge

Polasaí na Gaeilge

Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.

Mí an Mheithimh 2016

 

Baineann an polasaí le : scoláirí, tuismitheoirí/caomhnóirí, foireann teagaisc agus bainistíochta na scoile .

 

Comhthéacs na scoile.

Is scoil Ghaeltachta í Coláiste Chroí Mhuire a bhfuil oideachas tré Ghaeilge le fáil inti.  . Is é fís na scoile ná oideachas sár-mhaith tré Ghaeilge a chur ar fáil, in atmaisfiar atá fáilteach, cáirdiúil, sábháilte, dearfach agus cineálta.  Ba mhaith linn oidhreacht saibhir Chaitliceach na scoile a chaomhnú, agus a bheith bríomhar, lárnach agus láidir sa phobal Gaeltachta seo.

Aithnítear na dúshláin a bhaineann le teagasc agus le foghlaim tré mhean na Gaeilge, le cumarsáid tré Ghaeilge a dhéanamh le daoine, le heagraíochtaí agus le grúpaí atá ar bheagán Gaeilge nó gan Gaeilge ar bith. Déantar agus déanfar chuile iarracht dul i ngleic leis na dúshláin sin.

 

Aidhmeanna

  • Go bhfeidhmeoidh an scoil trí mheán na Gaeilge agus nósmhaireacht labhairt na Gaeilge a bhunú i measc pobal na scoile.
  • Cruinneas agus saibhreas teanga a chothú i scríobh agus léamh na gaeilge, le go mbeidh ardchaighdeán Gaeilge sa scoil.
  • Go spreagfaí an teanga cultúr na Gaeilge agus an cultúr Gaelach sa scoil agus taobh amuigh den scoil
    • Grá don Ghaeilge, meas agus tuiscint don Ghaeilge a chothú i measc scoláirí agus pobal na scoile ar fad.
    • Chun spreagadh a thabhairt do na scoláirí an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile.
  • Tacú le daltaí ar bheagán Gaeilge le go mbeidh siad in ann a bheith lánpháirteach i saol acadúil agus sóisialta na scoile

 

 

Ábhar

  • Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide agus teanga teagaisc na scoile.
  • Déanfar gach iarracht an cultúr Gaelach a spreagadh trí pháirtíocht i ngrúpaí ceoil, damhsa, drámaíocht, díospóireacht agus imeachtaí Gaeilge  agus Gaelacha eile.
  • Go mbeidh múinteoirí na scoile inniúil agus toilteanach a ngairm a dhéanamh go héifeachtach trí Ghaeilge.
  • Déanfar scrúduíthe na scoile trí ghaeilge, ag brath ar chumas na ndaltaí. Spreagfar scolairí le tabhairt faoi obair bhaile, scrúduithe tí agus scrúduithe stáite tré Ghaeilge.
  • Tá múinteoir le dualgaisí spisialta ar sceideal na bpostanna ainmnithe mar chomhordaitheoir Ghaeilge sa scoil.

Ról agus Freagracht

 

  • An Bord Bainistíochta: Tá an bord freagrach as an bpolasaí a cheadú
  • Daltaí: Go mbeidh a fhios ag na daltaí gurb í an Ghaeilge teanga oifigiuil na scoile agus go mbeidh meon dearfach acu i leith na Gaeilge

 

  • Tuisitheoirí/Caomhnóirí: Braitheann pobal na scoile ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí le tacaíocht a thabhairt an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil.

 

  • Príomhoide/ Leasphríomhoide / Comhordnaitheoir Gaeilge/Múinteoirí:
  1. Tábhacht labhairt na Gaeilge a shoiléiriú do dhaltaí
  2. Daltaí agus tuismitheoirí/caomhnóirí a chur ar an eolas maidir le cúnamh breise
    1. Gaeilge a chothú sa rang agus in imeachtaí uile na scoile
    2. Téacsleabhair Ghaeilge ar árd chaighdeán  a éileamh i gcónaí
    3. Obair an dalta a lorg trí Ghaeilge

 

 

Cur i bhfeidhm agus monatóireacht /Plean Gníomhach

  1. 1.  Sárlíofacht i scríobh agus léamh na Gaeilge a chothú  

q  Tabharfar aitheantas do na scoláirí is mó a léiríonn díograis agus dílseacht don Ghaeilge i rith na bliana ach go h-áiríthe ag bronnadh na nduaiseanna scoile ag deireadh an scoilbhliain.

q  Spreagfar ranganna sinsireacha chun dea-shampla a léiriú do na ranganna sóisearacha.

q  Meabhrófar tábhacht na Gaeilge do na scolairí go rialta.

q  Déanfar chuile iarracht aoi-chainteoirí le gaeilge ar thopaicí eagsúla a fháil don scoil más féidir.

q  Spreagfar labhairt na Gaeilge agus rannphairteachas in imeachtaí tré Ghaeilge. Beidh ról lárnach ag Coiste an Ghaelbhratach san obair seo.

q  Déanfar ceiliúradh ar theanga, oithireacht agus cúltur na tire ag stáideanna eagsúla i rith na bliana ach go h-áiríthe le linn seachtain na gaeilge.

 

  1. 2.  An Ghaeilge i measc pobal na scoile a chothú

q  Tapófar deiseanna chun nascanna le pobal na Gaeilge a neartú.

q  Beidh páipéarchas agus comharthaí na scoile go príomhúil trí Ghaeilge. Tabharfar tús áite don Ghaeilge in aon chomhfhreagras a chuirfear abhaile. Is tré Ghaeilge amháin a bheidh na nuachtlitreacha agus ábhar shúiomh idirlín na scoile.

  1. 3.  Tacú le Daltaí ar bheagán gaeilge

q  Tabharfar cabhair faoi leith do scoláirí nach bhfuil líofa sa Ghaeilge. 

q  Nuair is féidir baintear úsáid as na micléinn MGO le ranganna breise a chur ar fáil do na daltaí seo

q  Spreagfar na daltaí chun leabhair agus nuachtáin gaeilge a léamh go rialta chomh maith le bheith ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus a bheith ag féachaint ar TG4.

  1. 4.  An Ghaeilge agus an fhoireann teagaisc

q  Cuirfear Polasaí Gaeilge Choláiste Chroí Mhuire in iúl do ghach ball foirne.

q  Cuirfear inniúlacht agus toilteanacht Ghaeilge san áireamh nuair atá múinteoirí agus baill foirne á gceapadh don scoil.

q  Reachtálfar agallaimh do phostanna i gColáiste Chroí Mhuire trí mheán na Gaeilge.

q  Beidh an Ghaeilge mar mhír ar chlár do chruinníthe foirne agus comhairle na scoláirí go rialta.

 

 

 

 

Déanfaidh an príomhoide, múinteoirí agus scoláirí monatóireacht rialta ar an bpolasaí.

Tabharfaidh an Bord Bainistíochta, Coiste na dTuistí agus tuistí na scoile tacaíocht don pholasaí agus déanfar athbreithniú ar an bpolasaí seo ag tús an scoil bhliain 2016/17.

 

Sinithe ag Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta:___Maree Uí Chonaill

Dáta:__08/06/2016

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán