Scéim Iasachta Leabhra

Tá scéim íasachta leabhra againn sa scoil. Ar chostas an-réasúnta is féidir leis na daltaí sa chéad, dara agus tríú bliain a gcuid téacsleabhra ar fad a fháil ón scoil. Tugtar na leabhra agus clúdaigh do na leabhra do na daltaí ar an chéad lá dóibh sa scoil tar éis an tSamhridh.Gearrann muid tríocha cúig euro sa bhliain ar dhaltaí chun an scéim seo a chur ar fáil, agus úsáideann muid an t-airgead sin chun infheistíocht a dhéanamh i leabhra nua nuair is gá agus is cuí. Toisc go bhfuil gach dalta sa scoil sa sraith sóiséarach clúdaithe faoin scéim, creideann muid go bhfuil an scéim cóir agus cothrom.

Ní ghearrtar aon táille ar theaghlaigh a bhfuil cruatan airgid i gceist. Déileofar go tuisceannach agus le discréid le héinne ar mhaith leo é seo a phlé leis an bPríomhoide.

Thairis sin, tá méid áirithe leabhra gur féidir linn tabhairt do dhaltaí an cheathrú bhliain ar íasacht. Arís, ní gá ach glaoch ar an oifig le heolas a fháil futhú.

Coláiste Chroí Mhuire runs a very successful 'Book Rental Scheme'. At a very reasonable cost students from first, second and third year receive all of their textbooks from the school.The students receive their books and covers for the books on the first day of term after the Summer break. Th cost per student is thirty five euros each year, and this money is re-invested in the scheme through the purchase of new books as appropriate and as necessary. We believe our system to be both fair and equal since it covers all students regardless of financial circumstances.

Any family experiencing financial hardship will not be asked to pay this fee. Should a parent wish to discuss this or any other matter, the Principal will be available and her discretion and understanding are assured.

Apart from the scheme for Junior cycle students, we do have a limited number of books which we can loan to fourth year students. Please contact the office in relation to these.

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán