Eolas

Is scoil chaitliceach í Coláiste Chroí Mhuire faoi chúram "Ceist". Is scoil Gaeltachta muid le h-ardchaighdeán acadúil agus le h-atmasféar dearfach agus cáirdiúil. Freastalaíonn muid ar ghach cumas foghlamtha agus ar ghach gné d'fhorbairt an dalta. Is scoil bheag muid a bhfuil réimse fíor leathan abhar ar fáil inti. Is í aidhm na scoile ná forbairt iomlán a dhéanamh ar bhuanna ár gcuid scoláirí i báirtíocht le obal uile na scoile.

Stair Choláiste Chroí Mhuire

"Nuair a ólann duine as sruthán, is mór smaoineamh i gconaí ar an bhfoinse as a dtagann sé” – sean-nath sin é ach a mholann dúinn féachaint siar chun teacht ar fhoinsí agus ar phreamhacha atá in ann miniú nua a thabhairt ar chúrsaí atá faoi láthair

 I 1853 tógadh an foirgneamh ar ar tógadh an ‘nead’ ar an láthair ceanann céanna ar a bhfuil C.C.M. an lae inniu. Bhí sé sách mór chun freastal ar 150 páiste -idir buachailli agus cailiní chomh maith le áit chonaí dona h-Udaráisí. Ina theannta sin bhí áit dídine ann do bhaintreacha is do dhiallachtaí.

Bhí seomra saothar ar leath ann do na buachailli agus ceann eile do na cailiní. Tugadh fíodóir oilte as Beal Feiriste le ceirdna fíodóireachta sa gingham a mhúineadh do na buachailli. Chomh maith le fíodóireacht d’fhoghlaim siad ceird an lineadaigh. Dá ndóigh ní raibh aon chaint ag an tráth sin ar chearta Ban!! Muineadh curamí tí agus lámhobair –fuail, bróidnéireacht, cniotáil do na cailiní.

Lean an saol mar sin go dti 1920 nuair a dúnadh an ‘nead’. Cheannaigh Sean O Culainn fear gnó áitula –Johnny Folan - mar ab fhearr aithne ar an bhfoirgneamh mar áit stórála. Úsáideadh an áit freisin mar theach cúirte ar feadh scathaimh ghairid.

Bhí suim i gcónaí ag Easpaig na Gaillimhe – an Dr. Micheal de Brun - in oideachas agus mar sin d’iarr sé ar Siúracha an Trocaire i nGaillimh teacht amach agus an ‘nead’ a cheannach chun mean-scolaíocht a chur ar fáil don cheanntar.

I 1947 osclaíodh na doirse do dhaltaí – cailiní amháin, tar éis áit chóiriú a dhéanamh – (a) scoilaíocht, (b) ionad tionoil, (c) caithimh aimsire. D’ar ndoigh ní raibh deontas de shórt ar bith le fáil ag an am o aon Roinn Stáit nó go deimhin go ceann i bhfad ina dhiaidh. Line oscailte a bhi sna seomraí. Sna blianta tosaigh, ceal spáis b’éigin an t’Ard Teist a dhéanamh sa gceathrú bliain, mar sin rinneadh an chéad Árd-Teist sa scoil i 1951.

B’iad na ceannródaithe san obair seo ar fad ná - Sr. Antoine Ui Rollain, príomhoide, Sr. Berchmans Ui Chinnéide cisteoiri, Sr. Ailbhe Ui Chaiomh múinteoir in éineacht le pé múinteoir tuatha a bhí leo. Ar dheis De go raibh a n’anamacha cróga!

D’ainneoin go raibh go leor cruatain ag baint le cursaí scolaíochta ceal spais, ceal airgid i mblianta tosaigh de shaol na scoile, mar sin féin rinneadh sár-obair agus bhí árd-chaighdeán oideachais ar fial sa scoil. Bhi tuiscint ag an ceannródaithe úd ar céard ba oideachas ann – forbairt iomlán an duine, dá thoradh sin bhí béim ar ghnéithe eile seachas oideachas na leabhar.

Bhi áit mhór i gcónai ag an gceol ar an gclár Teagaisc – córanna den chéad scoth, treanáil gutha, ceol – fhoireann. De bharr snas na gcóranna tugadh cuireadh doibh canadh ar ‘Radio Eireann’. Bhí tábhacht leis an dramaíocht sa gcóras freisin. Go deimhin cothaíodh meas ar an gceol agus an saíocht Ghaelach i measc na ndaltai i gcónaí.

Ba chéim mhór thábhachtach ar aghaidh ab ea é. Ansin ag deireadh na seascaidí leagadh an ‘nead’ agus ar an láthair cheannain chéanna tógadh foirgneamh an lae inniu, a h’osclaíodh in Aibrean 1973.

Sin agaibh anois iad fionse is préamhacha bhur gColaiste. Cuireadh leis an gclár-léinn o shoin agus go leanfaidh an Colaiste ag fás is ag forbairt ar mhaithe le h-oideachas na nglúnta ata le teacht .

Breis Léitheoireachta:

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán