Staidéar

Le foghlaim ceart caithfidh tú:

  • An t-eolas a thuiscint
  • An t-eolas a eagrú agus a stóráil
  • Cuimhneamh ar an eolas nuair is gá

Tá tusa mar dhalta lárnach sa phróiséas seo ar fad. caithfidh tú a beith rannphairteach i ngach gné den phróiseas

 

Tuiscint;

Cuidíonn ranganna leat an t-eolas a thuiscint. Ceanglaíonn tú an t-eolas nua lena bhfuil ar eolas agat cheana féin. Is í an tuiscint ar eolas nua an chéad chéim sa phróiseas foghlama.Ná bíodh faitíos ort riamh ceisteanna a chur ar mhúinteoir muna dtuigeann tú ceard atá ar siúl sa seomra ranga.Ar ndóigh tá tinreamh ríthabhachtach sa phróiseas seo. Luíonn sé le réasún go mbeidh deacrachtaí ollmhóra agat muna bhfuil tinreamh sármhaith agat.

Stóráil Eolais

Cuidíonn obair baile agus staidéar leat i dtaobh stóráil an eolais.Ní féidir leat foghlaim muna nglacann tú pairt gníomhach sa tuiscint, eagrú agus stóráil. Ag freastal ar ranganna gan a bheith ag deanamh obair baile - ní bheidh ach luach an-teoranta leis an méid a bhéas tú ag foghlaim sa rang. Ma fhoghlaimíonn tú eolas nua sa rang d'fhéadfadh suas le 5% den eolas sin a bheith dearmadta agat faoin am a shroicheann tú baile. Is rud coitíanta e seo, go dtuigfeadh tú obair ranga ach go mbeadh sé dearmadta agat sa bhaile. Sin e an fáth go gcaithfear dul siar ar chuile rud sa bhaile. Ma théann tú síar ar rudaí go rialta tiocfaidh feabhas ar do chuimhne agus beidh saol níos éasca agat le níos lú frustrachas, ag am scrúduithe ach go háirithe.

Déanann scrúduithe tástáil ar an gcur amach atá agat ar eolas faoi leith ag am faoi leith. Is cleachtadh íontacha na scrúduithe ranga ar na scrúduithe móra a bheas le déanamh agat amach anseo, sna scrúduithe stáite. D'fheadfá a bheith an-éirmiúil ach muna bhfuil tú ag dul síar ar obair ranga go ríalta, ní eiroidh leat barr do chumais a shroichint i scrúduithe. Ma theastaíonn uait torthaí maithe a fháil i scrúduithe caithfidh tú a bheith in ann eolas a thabhairt chun cuimhne i dtreimhse gearr ama.

 

Cuimhníonn muid ar 10% den mhéid a léimid, 20% den mheida chloisimid, 30% den mhéid a fheicimid, 50% den mhéid a chloisimid agus a fheicimid,70% den mhéid a deirimid agus 90% den mhéid a dhéanaimid.

 

 

Bainistíocht Ama

1. Déan liosta de na rudaí a chaithfidh tú déanamh

2. Leag síos spriocanna i dtaobh cén toradh a bhéas ar do chuid staidéir

3. Déan amach clárama réalach seachtainiúil ag cur am spóirt & saorama san áireamh.

4. Tosaigh ag obair.

 

Áit Staidéir

1. Bíodh áit faoi leith agat le haghaidh obair baile agus staidéar.

2. Bíodh sé ciúin agus saor ó theilifís,raidió, fhón póca, x-bhosca 7rl.

3. Bíodh teas agus solas maith ann, chomh maith le bord ar airde ceart agus cathaoir compórdach

4. Bíodh do chuid leabhra agus trealaimh eagraithe i aice leat, na cuir am am amú ag lorg rudaí.

 

An Mheoin cheart

1. Bí dearfach, na bíodh faitíos ort roimh bhotúin, bí ag súil leis an dúshlan.

2. Smaoinigh ar an bpictiúr mór, na rudaí ar mhaith leat baint amach i do shaol.

3. Téigh sa tóir ar eolas breise i leabhra ar an idirlíon, tré chomhrátaí a bheith agat le daoine eile.

4. Bíodh muinín agat as do chumas féin.

 

Ag léamh go héifeachtach.....SC3L

  • S...déan suirbhé  ar theidéal an chaibidil, an réamhrá, na fotheidil,an achoimire ag deireadh an chaibidil.  
  • C..Ceistiú..cé,céard, cá, cathain, cén fath, cen chaoi
  • L...Léigh an t-abhar
  • L...Le tabhairt chun cuimhne
  • L...le hathbhreithniú..ar an gcaoi seo rachaidh an t-eolas isteach i do chuimhne fadtéarmach

 

Cleasa chun cuimhneamh ar rudaí

  • Athrá : léigh, scríobh agus ansin abair na fíricí 3 uaire.
  • Tarraing mapaí intinne
  • Bain úsáid as focail nó abairtí cuimhneolaíochta, Msh: D'ordaigh Beartla gloine dó féin agus pionta dá bhean chéile  dathanna tuar ceatha san ord ceart: Dearg, oráiste, buí, glas, plúirín agus Cocarghorm...nó níos fearr fór, cum do chinn féin.
  • Taiféad rudaí ar an MP3 agus éist leo nuair atá tú ag siúl msh: dánta Béarla

 

 

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán