Ceardlann Scríbhneoireachta

AN PEANN FAOI BHLÁTH

(D’fhéadfainnleabhar a scríobh air…….)

D’eagraigh an scoil togra scríbhneoireachta ‘Scéal Eile’ do dhaltaí na céad bhliana an téarma seo.  Bhí sé mar aidhm ag an togra scileanna cruthaitheacha, obair ghrúpa mar aon le féinmhuinín agus scileanna cur i láthair tré mheán na Gaeilge a fhorbairt i measc na n-ógánach. 

B’í an scríbhneoir aitheanta Gemma Bhreathnach a bhí i mbun na gceardlann.  Roinneadh na daltaí i ngrúpaí de cheathrar (bunaithear a n-iarbhunscoileanna) le linn an tionscnaimh.  D’oibrigh siad as lámh a chéile chun scéalta feiliúnacha a chumadh agus dearadh tarraingteach a aontú …………. Scríobh siad scéalta Gaeilge den scoth.

Nuair a bhí na scéalta scríofa ag na daltaí, d’fhill siad ar na hiarbhunscoileanna agus chuir siad a saothar i láthair go bródúil agus go bríomhar os comhair  pháistí óga na naíonáin.  Ba léir gur bhain siad féin agus gasúir na naíonáin tairbhe agus taitneamh as an ócáid. 

Tá ardmholadh ag dul don 60 dalta a d’oibrigh go dian dícheallach chun an togra a thabhairt chun críche.  D’eascair 16 scéal ardchaighdeánach agus spreagúil ón a lámha. 

Tá buíochas faoi leith ag dul do na múinteoirí, Bróna Ní Uallacháin, Caroline Ní Cheallaigh agus Caitríona Ní Ghriallais a threoraigh an togra ó thus deireadh.

Ina theannta sin, táimid faoi chomaoin ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo., Ealaín na Gaeltachta agus Gaeloideachas as a dtacaíocht don togra.

Go maire an peann sa lámh!

 

 

 

 

 

 

 

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • IMG-20190523-WA0001.jpg
  • IMG-20190523-WA0002.jpg
  • IMG-20190523-WA0003.jpg
  • IMG-20190523-WA0004.jpg
  • IMG-20190523-WA0005.jpg
  • IMG-20190523-WA0006.jpg
  • IMG-20190523-WA0007.jpg
  • IMG-20190523-WA0008.jpg
  • IMG-20190523-WA0009.jpg
  • IMG-20190523-WA0010.jpg
  • IMG-20190523-WA0011.jpg
  • IMG-20190523-WA0012.jpg
  • IMG-20190523-WA0013.jpg
  • IMG-20190523-WA0014.jpg
  • IMG-20190523-WA0015.jpg
  • IMG-20190523-WA0016.jpg
  • IMG-20190523-WA0017.jpg
  • IMG-20190523-WA0018.jpg
  • IMG-20190523-WA0019.jpg
  • IMG-20190523-WA0020.jpg
  • IMG-20190523-WA0021.jpg
  • IMG-20190523-WA0022.jpg
  • IMG-20190523-WA0023.jpg
  • IMG-20190523-WA0024.jpg

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán