Comórtas Díospóireacht Uí Chadhain

Táimid thar a bheith bródúil an tseachtain seo, comhghairdeas ó chroí leis an dá fhoireann diospóireachta atá tar éis dul ar aghaigh go dtí babhta na craoibe de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain.
Bhí an Chraobh Réigiúnach (Cúige Connacht agus Cúige Mumhan) ar siúl an tseachtain seo caite i Luimneach. Dhá dhíospóireacht a bhí ann, babhta sóisearach agus babhta sinsearach idir Ghaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta.
Sa díospóireacht shóisearach phléigh scoláirí an rún:
Tá ár gcuid luachanna mar shochaí caillte againn’. Ar fhoireann CCM bhí Lorcán Ó Curraoin, Glaisne Mac Réamoinn agus Evan Cox. Bhí siad iontach ar fad, bhí siad i gcoinne an ruin agus léirigh siad an-chumas díospóireachta.
Tá an ceart acu siúd atá ag diúltú ceadúnas teilifíse a cheannach’ an rún a bhí faoi chaibidil sa mbabhta Sinsearach. Ar an bhfoireann sinsearach bhí Róise Ní Churraoin, Fionnán Ó Coisdealbha agus Éabha Ní Chonghaile. Bhí an-díospóireacht ann, bhí siad i bhfabhar an rúin agus cosúil leis an dream sóisearach bhí siad thar barr ar fad.
Guímís gach rath orthu ar fad anois, agus, cuma cén toradh a bhéas ar an gCraobh táimid fíor- bhródúil astu uilig.
Comhghairdeas le Tríona Uí Mhurchú freisin atá i bhfeighil na bhfoirne. Obair iontach déanta!

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • IMG-20231211-WA0000.jpg
  • IMG-20231211-WA0001.jpg