Cosaint Leanaí 3

Fo-leathanach de Polasaithe

Ráiteas maidir le Cumhdach Leanaí  i gColáiste Chroí Mhuir Is iarbhunscoil an scoil seo a chuireann ar fáil oideachas bunscoile/iarbhunscoile do dhaltaí ó An Chéad Bhliain go dtí Bliain na hArdteistiméireachta .

De réir na gceanglas san Acht um Thús Áite do Leanaí 2015, Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta do Chosaint agus Leas Leanaí 2017 na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iarbhunscoileanna 2017, agus Treoir Thusla maidir le Ráitis maidir le Cumhdach Leanaí a Chur le Chéile, tá toilithe ag Bord BainistíochtaCholáiste Chroí Mhuire leis an Ráiteas maidir le Cumhdach Leanaí atá leagtha amach sa cháipéis seo.

 

  • Tá glactha ag an mBord Bainistíochta le Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna 2017 na Roinne agus déanfar iad a chur i bhfeidhm go hiomlán, gan athrú gan leasú mar chuid den Ráiteas foriomlán seo maidir le Cumhdach Leanaí.

 

  • Is é an Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA) ná Tríona Uí Mhurchú

 

  • Is é an Leas-Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA) ná Máire Ní Chonchubhair

 

  • Aithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil cúrsaí cosanta agus leasa leanaí fite fuaite le gach gné de shaol na scoile agus nach mór é sin a léiriú i ngach ceann de bheartais, nósanna imeachta, cleachtais agus gníomhaíochtaí na scoile.  I ndáil lena beartais, nósanna imeachta, cleachtais agus gníomhaíochtaí, cloífidh an scoil leis na prionsabail seo a leanas den dea-chleachtas maidir le cosaint leanaí agus leas leanaí:

 

Déanfaidh an scoil:

  • glacadh leis go bhfuil fíorthábhacht le cosaint leanaí agus leas leanaí, beag beann ar aon cheist
    eile;
  • comhoibriú go hiomlán leis na hoibleagáidí reachtúla faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 agus le reachtaíocht eile a bhaineann le cosaint agus leas leanaí;
  • comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis reachtúla cuí maidir le cúrsaí a bhaineann le cosaint agus leas leanaí;
  • gnásanna sábháilte a ghlacadh chuici féin d'fhonn an dóigh go mbainfeadh díobháil nó tionóisc do leanbh a mhaolú oiread agus is féidir agus an lucht oibre a chosaint ó chall dul sa mbaol go gcuirfí drochúsáid nó faillí ina leith;
  • gnás ionracais le tuismitheoirí a thabhairt chun cinn agus iad a spreagadh le bheith rannpháirteach in oideachas a gcuid leanaí; agus 
  • meas iomlán a léiriú ar riachtanais rúndachta agus í ag déileáil le cúrsaí cosanta leanaí.

 

Cloífidh an scoil leis na prionsabail thuas freisin i ndáil le haon dalta fásta lena mbaineann soghontacht speisialta.

  • Tá na nósanna imeachta/bearta seo a leanas ar bun:

 

  • I gcas baill ar bith den fhoireann is ábhar d’iniúchadh ar bith (cibé caoi a thuairiscítear é) i leith aon ghnímh, neamhghnímh nó cúinse i leith linbh atá ag freastal ar an scoil, cloíonn an scoil leis na nósanna imeachta cuí atá leagtha amach i gCaibidil 7 de na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iarbhunscoileanna 2017 agus leis na nósanna imeachta ábhartha araíonachta do bhaill foirne scoile atá foilsithe ar shuíomh idirlín na Roinne.

 

  • Maidir le roghnú agus earcú ball foirne agus lena n-oiriúnacht chun oibriú le leanaí, cloíonn an scoil le riachtanais reachtúla grinnfhiosrúcháin na nAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012 go 2016 agus leis an treoir leathan maidir leis an dualgas cúraim atá leagtha sna ciorcláin ábhartha de chuid an Gharda a bhaineann le grinnfhiosrúchán agus earcaíocht agus atá arna bhfoilsiú ag an ROE agus le fáil ar shuíomh idirlín na ROE.

 

  • Maidir le soláthar an eolais agus, áit is gá, an teagaisc agus na hoiliúna do lucht foirne chun a shonrú go bhfuil an díobháil (mar a shainmhínítear í in Acht 2015) tarlaithe rinne an scoil na nithe seo a leanas -

 

  • Cóip de Ráiteas na scoile maidir le Cumhdach Leanaí a chur ar fáil do gach ball den fhoireann
  • A chinntiú go gcuirfear cóip de Ráiteas na scoile maidir le Cumhdach Leanaí ar fáil do gach ball nua den fhoireann
  • Lucht foirne a spreagadh chun leas a bhaint as oiliúint chuí
  • Comhaltaí den Bhord Bainistíochta a spreagadh chun leas a bhaint as oiliúint chuí
  • Coimeádann an Bord Bainistíochta taifid de gach oiliúint a chuirtear ar lucht foirne agus ar chomhaltaí den Bhord

 

  • Maidir le hábhair imní i dtaobh na cosanta leanaí a thuairisciú do Thusla, ní mór do gach ball foirne cloí leis na nósanna imeachta atá leagtha amach sna Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iarbhunscoileanna 2017 ar a n-áirítear, i gcás múinteoirí cláraithe, iad siúd a bhaineann le tuairisciú sainordaithe faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015. 

 

  • Sa scoil seo tá an DIA thuasluaite ceaptha ag an mBord mar an “duine cuí” (mar a shainmhínítear sin san Acht um Thús Áite do Leanaí 2015) chun bheith mar an chéad pointe teagmhála i leith an Ráitis maidir le Cumhdach Leanaí.

 

  • Daoine sainordaithe is ea gach múinteoir cláraithe arna fhostú ag an scoil faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015.

 

  • De réir an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015, tá measúnacht curtha i gcrích ag an mBord maidir leis an mbaol go mbainfeadh díobháil fhéideartha ar bith do leanbh a bheadh ag freastal ar an scoil nó ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí scoile. Tá measúnacht scríofa leis seo ina leagtar amach na réimsí riosca a sonraíodh agus nósanna imeachta na scoile chun na rioscaí sin a bhainistiú mar aguisín leis na nósanna imeachta seo.

 

  • Is féidir rochtain ar na nósanna imeachta éagsúla dá dtagraítear sa Ráiteas seo
    trí shuíomh idirlín na scoile, nó trí shuíomh idirlín na ROE nó cuirfidh ach scoil ar fáil iad ach iad a iarraidh.

 

Nóta:  Níl sé i gceist go mbeadh an liosta thuas ina liosta uile ghabhálach.  Cuirfidh Boird Bhainistíochta ar leith san áireamh sa rannán seo cibé nósanna imeachta/bearta eile atá ábhartha don scoil i gceist.

       

  • Tá an ráiteas seo foilsithe ar shuíomh idirlín na scoile agus tá sé tugtha do gach ball de lucht foirne na scoile, do Chumann na dTuismitheoirí (más ann dó) agus don phátrún. Tá sé ar fáil go héasca do thuismitheoirí agus caomhnóirí ach é a iarraidh.   Cuirfear cóip den Ráiteas seo ar fáil do Thusla agus don Roinn ach ceann a iarraidh.

 

 

  • Athbhreithneofar an Ráiteas seo maidir le Cumhdach Leanaí gach bliain nó a luaithe is indéanta tar éis d’athrú ábhartha bheith déanta maidir le haon ní dá dtagraíonn an ráiteas seo.

 

Ghlac an Bord Bainistíochta leis an Ráiteas seo maidir le Cumhdach Leanaí ar26/02/2018.

 

Sínithe: Séamus Ó Liatháin           Sínithe: Tríona Uí Mhurchú

Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta                   Príomhoide/Rúnaí ag an mBord Bainistíochta

 

Dáta:   26/02/2018                              Dáta:   26/02/2018

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán