Gradaim Staidéir Gnó

Tharla an ócáid seo ar an 20/11/19 ach bhíomar ag fanacht ar an bpictiúr oifigiúil!

Bhronn Scoil an Ghnó & na hEacnamaíochta J.E Cairnes NUIG, teastas ardchumais ar dhaltaí a bhain "Gradam" amach i scrúdú an teastais shóisearaigh i staidéar gnó i mbliana.

Ba mhór an t-éacht í seo, tá an chóras athraithe leis an gcúrsa nua agus b’iad na scoláirí seo an chéad dream a scrúdaíodh faoin gcóras nua seo. Níor éirigh ach le 1.8% sa tír an toradh seo a fháil agus i gCúige Chonnachta amháin níor éirigh ach le 59 dalta “Gradam” a bhaint amach. Táimid fíor bhródúil as ár ndaltaí féin, Cainnear Nic Réamoinn agus Oisín Ó Coisdealbha.

Sa phictiúr tá :

Ar Chúl: John Mchale – Déan an Choláiste Ghnó, Margaret McDonnell -Uachtaráin an BSTAI, Johanna Clancy ón Choláiste Ghnó, Neasa Uí Choileáin (múinteoir) agus Tom Acton, Ceann na Scoile Gnó & Eacnamaíochta. 
Chun Tosaigh: Cainnear Nic Réamoinn agus Oisín Ó Coisdealbha

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • business studies awards.jpg

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán