Oireachtas na Samhna 2017
Déanann an scoil comhghairdeachas leis na hiomaitheóirí ar fad ón gceantar Chois Fharraige agus go mór mhór ón scoil ar éirigh go hiontach leo san Oireachtas i mbliana.
Bhí an chómortas liteartha san áireamh san Oireachtas don chéad uair i mbliana agus ar ndóigh déanann muid comhghairdeachas ar leith le Bróna Ní Uallacháin a bhuaigh an chéad duais sa chomórtas cuimhneacháin Aoidh Uí Ruairc, Roinn C(dráma do dhéagóirí) leis an dráma “Ceann Scríbe” a scríobh sí anuaraidh.
Seo liosta do na buaiteoirí eile ón scoil, agus go deimhin déanann muid comhghairdeachas leo siúd nár bhuaigh ach a ghlac páirt agus a rinne an jab! Maith sibh ar fad!
Comórtas |
Iomaitheoirí |
Duais |
Agallamh Beirte (12-15) |
Cainnear Nic Réamoinn (2ú Bl) Fódhla Ní Bhraonáin (3ú Bl) |
An Chéad Duais – Boinn Airgid |
Agallamh Beirte (15-18) |
Liadan Canny (3ú bl) Aifric Ní Ghibne |
An Chéad Duais – Boinn Airgid |
Lúibíní (12-15) |
Éadaoin Nic Dhonncha (2ú bl) Cainnear Nic Réamoinn (2ú bl) |
Dara Duais – Boinn Chré-Umha |
Lúibiní (15-18) |
Liadan Canny (3ú bl) Bróna Ní Cheallacháin(3ú Bl) |
An Chéad Duais – Corn Cuimneachán Shorcha Uí Pheatáin & Boinn Airgid |
Sceitse (Daoine Fásta) |
Bróna Ní Uallacháin, Páid Ó Neachtain agus Aisling Ní Neachtain |
An Dara Duais – Boinn Chré Umha |