Polasaí ar Riachtanasaí Oideachais Speisíalta

Fo-leathanach de Polasaithe

 

 

 Polasaí Riachtanaisí Speisialta

Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.

Mí an Mheithimh 2016

Baineann an Polasaí seo le scoláirí, tuismitheoirí/caomhnóirí, foireann teagaisc, foireann chúnta  agus Bainistíocht na scoile

Clár:

 

  • Aidhm an pholasaí
  • Achtanna ábhartha
  • Sainmhiniú ar Riachtanais speisialta.
  • Céimeanna do scoláirí le Riachtanaisí Speisialta
  • Ról an Tuismitheora/Chaomhnóra
  • Ról an Bhoird Bainistíochta
  • Ról an Phríomhoide/Leas Phríomhoide
  • Ról an Mhúinteoir Ranga
  • Ról an Chomhordaitheoir le ROS
  • Ról chúntóir um riachtanaisí speisialta
  • Ról an Scoláire le Riachtanais Speisialta

 

1.Aidhm an Pholasaí

Is é aidhm an pholasaí seo ná:

  • Sainmhíniú a thabhairt ar céard is riachtanais speisialta ann de réir na n-achtanna a bhaineann le riachtanais speisialta.
  • Soiléiriú a dhéanamh ar an ról atá ag gach baill d’fhoireann na scoile i gcursaí riachtanais speisialta.
  • Oideachas Uileghabhálach a fhorbairt agus a chuir chun cinn sa scoil.
  • Teangmháil maith a chothú i bpobal na scoile chun comhoibriú a fhorbairt ar son gach scoláire, iad siúd le riachtanais speisialta san áireamh.
  • Timpeallacht sábháilte agus comhbhách a chuir ar fáil inár féidir le gach scoláire a lánachmhainneacht a chomhlíonadh.
  • A chinntiú go bhfaigheann gach scoláire cothrom na féine ó thaobh rochtain chuig an gcuraclam atá siad i dteideal de réir an Acht Riachtanais Oideachais Speisialta (2004).

2.Achtanna ábhartha

 

De réir roinn 9 don Acht Oideachais (1998) caithfidh gach scoil a chinntiú go n-aithnítear agus go ndéantar freastal ar Riachtanais Oideachasúil gach scoláire, iad siúd a bhfuil Riachtanais Oideachasúla Speisialta acu san áireamh. Tá sé mar aidhm ag an Acht Oideachais (2004), Roinn 13 a chinntiú go mbeidh na cearta céanna ag scoláire le Riachtanais Speisialta agus go mbeidh siad in ann leas cheart a bhaint as, mar atá a gcomhscoláirí.

Leiríonn an Acht Riachtanais Oideachais Speisialta (2004) gur ceart é Oideachas uileghabhálach i ngach scoil. Dearbhaíonn sé go bhfuil na cearta céanna ag daoine le riachtanais speisialta oideachais páirt a  ghlacadh in oideachas agus tairbhe a bhaint as agus atá ag daoine nach bhfuil na riachtanais sin acu. Fórálann sé go gcuirtear oideachas ar dhaoine le riachtanais speisialta Oideachais i dtimpeallacht chuimsitheach, chomh fada agus is féidir.     

3. Sainmhiniú ar Riachtanais speisialta.

De réir Acht um Oideachais do Dhaoine le Riachtanais Speisialta Oideachais  (2004);

 ‘Áirítear tú mar dhuine le Riachtanais Speisialta Oideachais mura bhfuil sé ar do chumas bheith páirteach go hiomlán in oideachas agus tairbhe a bhaint as mar gheall ar míchumas buan, bíodh sé fisiceach, céadfach, meabhairshláinteach nó foghlamtha.’

 

4.Céimeanna do scolairí le Riachtanaisí Speisialta

  • Iarrtar ar na tuismitheoirí aon eolas atá acu maidir le scoláirí le Riachtanais Speisialta Oideachais a sheoladh ar aghaidh chuig Coláiste Chroí Mhuire, chomh maith le tástáil oideachasúil nó siceolaíochta. Coinnítear an t-eolas seo faoi rún.
  • Casfaidh comhordaitheoir Riachtanais Speisialta Oideachais le príomhoidí & múinteoirí achmhainní sna bunscoileanna áitiúla ina mbeidh scoláirí, atá aitheanta le riachtanais oideachais, ag teacht isteach i gColaiste Chroí Mhuire sa chéad bhliain.
  • Casfar le tuismitheoirí/caomhnóirí más gá freisin, chun breis eolas a bhailiú, faoi na scoláirí atá aitheanta. Casfar le tuismitheoirí/ caomhnóirí go rialta i rith an scoil bhliain chun dul chun cínn scoláirí a phléigh.
  • Ag tús na scoil bhliana, cuirfear eolas faoina scoláirí le Riachtanais Speisialta Oideachais ar fáil do ghach mhúinteoir, le cead ón Tuismitheoir/Caomhnóir. Tugtar le fios do chuile mhúinteoir go bhfuil an t-eolas iontaofa agus déantar pléigh ar thástáil an siceolaí maidir leis an riachtanais speisialta agus na moltaí atá tugtha.
  • Ag tús an scoil bhliain agus i rith na bliana, pléann an comhardaitheoir Riachtanais Speisialta Oideachais agus an príomhoide, na scoláirí ar fad atá i dteideal feabhas/tacaíocht foghlama, agus na múinteoirí ábhair eile a bheidh i mbun na ranganna dona scoláirí le riachtanais speisialta oideachais.
  • Ar theacht isteach sa scoil do na scoláirí atá aitheanta, casfaidh an comhordaitheoir leis na scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, agus a bhfuil uaireanta feabhais/tacaíochta ceadaithe ag an Roinn Oideachais dóibh chomh luath agus a bhíonn cead faighte ón tuismitheoir/caomhnóir.
  • Cuirtear litreacha amach ag tuismitheoirí/caomhnóirí gach scoláire atá i dteideal uaireanta feabhais/tacaíochta chun cead a fháil uathu an scoláire sin a thogáil amach as ranganna ar an gclár ama.
  • Déantar gach iarracht na scoláirí seo a bhaint amach as ranganna nach bhfuil roghnaithe acu don scoil bhliain.  I gcásanna nach féidir é seo a dhéanamh, bíonn béim ar theangmháil maith idir an comhordaitheoir agus na múinteoirí ranga/ an múinteoir tacaíochta/feabhais agus na múinteoirí ranga chun dul chun cínn an scoláire a fhorbairt san ábhar sin.
  • Casann an comhordaitheoir le scoláirí atá sa scoil cheanna féin atá ag fáil tacaíocht/feabhaisagus uaireanta ceadaithe dóibh, ag tús na scoil bhliana, chun pléigh a dhéanamh ar an scoili bhliain, na ranganna tacaíochta/feabhais agus aon rud gur mhaith leo féin a chuir san áireamh ag an bpointe seo.
  • Tá an scoil i dteideal seirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) a chuireann seirbhís measúnú oideachais ar fáil don scoil.
  • Usáidtear tástáil an siceolaí chun iarratas a dhéanamh ar uaireanta feabhais ar son an scoláire le riachtanais speisialta i bpáirt lena dtuismitheoirí/caomhnoirí.
  • Tugtar tástáil an siceolaí san áireamh chun pléan oideachasúil a chur le chéile don scoláire sin.
  • Téann an comhardaitheoir Riachtanais Speisialta Oideachais i gcomhairle leis na múinteoirí atá i mbun na ranganna tacaíochta foghlama/feabhais. Iarrtar ar na múinteoirí seo plean ranga a líonadh do gach rang tacaíochta/feabhais.
  • Cuireann an comhardaitheoir Riachtanais Speisialta Oideachais plean tacaíocht foghlama/feabhas le chéile ag tús gach scoil bhliain agus déantar athbhreithniú ar seo i rith na bliana.

 

5. Ról an Tuismitheora/Chaomhnóra

Is í an chlann an príomh oideachasóir, mar sin, glacann Tuismitheoirí/Caomhnóirí do scoláirí le Riachtanais Speisialta Oideachais ról fíor thábhachtach in aithint, agus ag tacú a ngasúr. Iarrtar ar thuismitheoirí/caomhnóirí an teolas ar fad a chuir ar aghaidh nuair atá na foirmeacha iontrála á líonadh isteach acu.

6. Ról Fhoireann na Scoile

Tá na rólanna seo a leanas leagtha síos de réir treoirlínte an Chigireacht a éisíodh i 2007 i dtaobh oideachas cuimíthe a chur ar fáil do scoláirí le riachtanais speisialta san Iarbhunscoil.

 

a.An Bord Banistíochta:

  • Déanamh cínnte go bhfuil polasaí Riachtanais Speisialta sa scoil a dhéanann forbairt ar thimpeallacht Oideachas uileghabhálach do scoláirí le riachtanaisí speisialta.
  • Socraithe athbhreithniúcháin a dhéanamh ar réimse soláthar curaclam chun a chinntiú go bhfuil cláracha feiliúnacha ar fáil do gach scoláire le riachtanais speisialta.
  • Déanamh cínnte go bhfuil socraithe i gcomhair socruithe reasúnta déanta do scoláirí le riachtanaisí speisialta sna scrudíathe staít.
  • Cur le forbairt aitheantas riachtanaisí scoláirí le riachtanaisí speisialta i measc foireann na scoile chun timpeallacht uileghabhálach a chothú i bpobal na scoile.
  • Tacaíocht a thabhairt i dtaobh forbairt profisiúnta múinteoirí a bhaineann le riachtanaisí speisialta.
  • Páirt a ghlacadh i storáil agus aistriú doiciméidí rúnda a bhaineann le scoláirí le riachtanaisí speisialta agus áit shábhailte a chuir ar fáil chun na doiciméidí seo a stóráil ann.
  • A chinntiú go bhfuil achmhainní oiliúnach ar fáil, achmhainní ón Roinn Oideachas agus Scileanna san áireamh, do scoláirí le riachtanaisí speisialta.

 

b. Ról an Phríomhoide/Leasphríomhoide:

  • Oibriú le Bord Bainistíochta na scoile, múinteoirí agus tuismitheoirí i dtaobh forbairt, cur i bhfeidhm agus athbhreithniú polasaithe scoile a dhéanann forbairt ar Oideachas uileghabhálach do scolairí le riachranaisí speisialta.
  • A chinntiú go bhfuil cur síos ar pholasaithe den saghas seo i bplean na scoile.
  • Monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar cur i bhfeidhm polasaithe scoile chomh maith le soláthar cláir/achmhainní do riachtanaisí spéisialta.
  • Dul i dteaghmháil mar a theastaíonn leis na heagraíochtaí oiliúnacha chomh maith leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, NEPS, FSS  agus ar .rl.

c. Ról an Mhuinteoir Ranga:

  • Tá sé mar dhualgas ar an múinteoir ranga a chinntiú go bhfuil timpeallacht agus clár foghlama feiliúnach ar fáil do gach scoláire, iad siúd le riachtanais speisialta san áireamh, a thugann gach deis dóibh a gcuid foghlaim a fhorbairt agus an curaclam a aimsiú.
  • Tá ról tábhachtach ag an múinteoir ranga na scoláirí a d’fhéadfadh a bheith i mbaol ó thaobh fadhb foghlama mar shampla, a chur in aithne do baill eile d’fhoireann na scoile.
  • Tá ról fíor thábhachtach ag múinteoirí ranga chun timpeallacht tacaíochta, tuisceanach a chothú sa scoil do scoláirí le riachtanaisí foghlama a chuireann béim ar a gcuid láidreachtaí agus a chuireann lena n-ábaltacht lánpháirt a ghlacadh i bpobal na scoile.
  • An méid agus is féidir, ba cheart go mbeadh difralú á chur i bhfeidhm sa rang chun  dul i ngleic le riachtanais na scolairí seo.  Is bealach é difralú inár féidir le múinteoirí ranga tacú le timpeallacht uileghabhálach  a chothú sa scoil.
  • Iarrtar ar mhúinteoirí ranga smaoineamh ar riachtanaisí scoláirí le riachtanais speisialta agus iad ag roghnú téacsleabhar; i mbun cúrsaí pleanála; ag socrú obair bhaile agus ag leagan amach scruduithe ranga nó deireadh téarmach.
  • Tá sé iarrtha ar na múinteoirí ranga iad féin a oiliúint ar na riachtanais atá ag na scoláirí áirithe ina rang agus a bheith páirteach i bpleanáil aidhmeanna féiliúnacha do na scoláirí sin.
  • Tá ról tábhachtach ag na múinteoirí ranga i monatóireacht dul chun cínn na scoláirí le riachtanais speisialta i bpáirt leis an bhfoireann tacaíocht foghlama/feabhais.
  • Is féidir le múinteoirí ranga tuismithneoirí/caomhnoirí a choinneál ar an eolas ar dul chun cínn scoláirí le riachtanais speisialta tríd cruinnithe múinteoirí – tuismitheoirí, tuairiscí scoile, agus iad féin a chur ar fáil ó am go chéile chun bualadh le tuismitheoirí de réir mar a theastaíonn.
  • Is féidir le múinteoirí ranga cur le pleanáil forbartha na scoile do scoláirí le riachtanais speisialta tríd pleánáil straitéiseach ag leibhéal na roinn ábhair.
  • Tá gá le teagmháil láidir idir múinteoirí ranga agus foireann tacaíochta/feabhais na scoile chun dul chun cínn scoláirí le riachtanais speisialta a fhorbairt.

d. Ról an  Chomhordaitheoir le ROS:

  • Comhairle a thabhairt d’fhoireann na scoile ar straitéisí múinteoireacha feiliúnach, achmhainní feiliúnacha agus teicnolaíocht cabhrach do scolairí le riachtanaisí speisialta.
  • Comhairle a thabhairt ar an modh is éifeachtaí an cuntóir riachtanais speisialta a úsáid.
  • Páirt a ghlacadh i bpleanáil polasaí scoile a bhaineann le tástálacha, obair bhaile agus pléanáil aonarach don scoláire le riachtanais speisialta.
  • Páirteach i roghnú scoláirí ina mbeidh tacaíocht foghlama ar fáil dóibh sa scoil.
  • Roghnú agus cothabháil achmhainní foghlama do scoláirí le riachtanais speisialta.
  • A bheith páirteach sa bpróiseas eagrúcháin a bhaineann le iarratais i gcomhair scocrúithe reasúnta do scolairí le riachtanais speisialta sna scrudaíthe stáit.
  • Teangmháil a dhéanamh le lucht proifisiúnta a bhaineann le scoláirí le riachtanais speisialta a thugann cuairt ar an scoil.
  • Cur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh ar scoláirí a bhfuil gnóthachtáil oideachasúil íseal acu chomh maith leo siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu.
  • A bheith páirteach i stóráil tuairiscí ar scoláirí le gnóthachtáil oideachasúil íseal agus orthu siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu.
  • Tacaíocht proifisiúnta a chuir ar fáil d’fhoireann na scoile maidir le scoláirí le riachtanaisí speisialta.
  • IEP a dhéanamh amach do scoláirí le riachtanais speisialta agus athbreithniú a dhéanamh orthu seo go rialta.
  • Tuismitheoirí/caomhnóirí a chuir ar an eolas go rialta maidir le dul chun cinn an scoláire le riachtanais speisialta agus chun pléigh a dhéanamh ar chúrsaí eile a thagann chun cínn i rith na bliana.

e. Ról an Mhúinteoir Treoir:

  • Tá páirt lárnach ag an múinteoir treoir i dtimpeallacht uileghabhálach a chothú do scoláirí le riachtanais speisialta i bpáirt leis an fhoireann tacaíocht foghlama/feabhais.
  • Ba cheart go mbeadh treoir pearsanta chomh maith le tacaíocht ar fáil do scoláirí le riachtanais speisialta – agus dá dtuismitheoirí/caomhnóirí de réir mar a theastaíonn sé.
  • Ba cheart go mbeadh comhleoireacht agus tacaíocht do scoláirí le riachtanais speisialta mar pháirt do phlean uiletreorach na scoile.
  • Tá ról tabhachtach ag an múinteoir treoir ag cuidiú le scoláirí le riachtanaisí speisialta ag na staideanna difriúla a bhaineann le roghnúchán gairme a dhéanamh.
  • Is féidir leis an múinteoir treoir cuidiú le socraithe a chuir i bhfeidhm a thugann tacaíocht do scolairí le riachtanais speisialta an t-aistriú idir an bunscoil agus an iar-bhunscoil a dhéanamh chomh maith le cuidiú le eolas a bhailiú ar na scoláirí sin.
  • Is féidir leis an múinteoir treoir páirt a ghlacadh sa bpróiséas measunaithe i bpáirt le baill eile d’fhoireann na scoile.
  • Is féidir leis an múinteoir treoir cúnamh a thabhairt d’fhoireann na scoile a chuir ar an eolas faoi scoláirí le riachtanais speisialta agus comhairle a thabhairt dóibh ar conas ar féidir cabhrú leis na scoláirí seo.

 

f.  Ról Chúntóir um Riachtanaisí Speisialta

  • Déantar earcú ar Chúntóirí Riachtanas Speisialta go sonrach chun cuidiú le scoileanna seirbhísí neamh-theagaisc a chur ar fáil do dhaltaí a mbíonn riachtanais oideachais measta acu. Bíonn a gcuid dualgas sannta ag an bPríomhoide a bhíonn ag gníomhú thar ceann an Bhord Bainistíochta. Déantar maoirseacht ar a gcuid oibre ag an bPríomhoide nó ag múinteoir eile de réir mar a chinneann an Príomhoide.

Áirítear ar na dualgais sin tascanna de chineál neamh-theagaisc ar nós:

  • 1. Seomraí ranga a ullmhú agus a chóiriú.
  • 2. Cuidiú le páistí scoile dul isteach agus amach ar bhusanna scoile. B’fhéidir go mbeadh gá taisteal mar thionlacan ar bhusanna scoile le linn uaire scoile agus nuair nach bhfuil múinteoir ar fáil, taobh amuigh de uaireanta scoile. 
  • 3. Cuidiú speisialta le leanaí a bhfuil deacrachtaí faoi leith acu e.g. cabhrú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu maidir le clóscríobh nó ríomhairí nó fearais eile a úsáid.
  • 4. Cuidiú maidir le héadach, beathú, leithreas a úsáid agus sláinteachas ginearálta agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta an dalta a bheith ar d’aird.
  • 5. Cuidiú le linn cuairteanna lasmuigh den scoil, siúlóidí, scrúduithe agus imeachtaí eile mar sin
  • 6. Ag cuidiú leis na múinteoirí maoirseacht a dhéanamh ar dhaltaí le linn tionóla, caitheamh aimsire agus fágála an tseomra ranga ar chúis amháin nó ar chúis eile.
  • 7. Ag tionlacan daoine ar leithligh nó grúpaí beaga a chaitear a thabhairt amach as an seomra ranga ar feadh tamaill ar chúis amháin nó ar chúis eile.
  • 8. Cuidiú ginearálta do na múinteoirí ranga, faoi threoir an Phríomhoide, le dualgais de chineál neamh-theagaisc. (Ní féidir le Cúntóirí Riachtanais Speisialta gníomhú ag aon am mar ionadaithe nó mar mhúinteoirí sealadacha. Ní féidir iad a fhágáil i bhfeighil ranga ná grúpa páistí in aon chúinsí).
  • 9. Rannpháirtíocht le pleanáil fhorbairt scoile, nuair is cuí, agus comhoibriú le haon athruithe ar pholasaithe agus cleachtaí ag teacht ón bpróiseas forbartha scoile.
  • 10. Idirghníomhú le tuismitheoirí daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu i struchtúir fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla mar a theastaíonn ó bhainistíocht na scoile agus mar a thugann siad treoir.
  • 11. Dualgais eile a bhíonn oiriúnach don ghrád mar a éilíonn riachtanais na ndaltaí agus na scoile ó am go ham. Is féidir Cúntóirí Riachtanas Speisialta a chur i mbun oibre eile a bhíonn oiriúnach don ghrád nuair a bhíonn daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu as láthair nó nuair a thagann éilimh phráinneacha o
  • 12. Tá sé de fhreagracht ag an gcuntóir bheith aireach go gcaithfear bheith discréideach.

 

  •  g. Ról an Scoláire le Riachtanaisí Speisialta:
  • Páirt a ghlacadh, nuair is gá, sa bpleanáil, cur i bhfeidhm, forbairt agus athbhreithniú IEPs.
  • Ba cheart go mbeadh deis ag scoláirí le riachtanaisí speisialta a bheith rannpháirteach sa bpróiséas cruinniú eolais, leagan síos aidhmeanna foghlama agus monatóireacht a gcuid dul chun cinn féin.
    • H. Critéir a chinnteoidh go n-éireoidh leis an bpolasaí:
    • Ionchur agus aiseolas an mhúinteora
    • Feabhas ar thorthaí na scrúduithe (measúnú, sa scoil, scrúduithe stáit)
    • Feabhas ar aird agus ar rannpháirtíocht an dalta.
    • Ionchur agus aiseolas ón múinteoir.
    • Chun dul chun cinn in aidhmeanna plean oideachais an dalta a shroichint.
    • Nasc a choimeád le tuismitheoirí/caomhnóirí.
    • Oideachas a chríochnú sa mheánscoil agus leanúnachas go tríú leibhéal.
    • Cumas a shroichint sna Scrúduithe Stáit.
    • Cruinniú R.S / Cruinniú Foirne.
    • Athbhreithniú ar an bplean agus é a choinneáil suas chun dáta.

 

Déanfar athbhreithniú ar an bpolasaí seo ag tús an scoilbhliain 2017/18 nó níos tuisce más gá.