Priomhoide nua ar Choláiste Chroí Mhuire
Dia daoibh a chairde,
Is mise Gráinne Ní Fhlannabhra. Is Príomhoide nua-cheaptha mé ar Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal. Ba bhreá liom roinnt eolais fúm féin a roinnt libh uile.
Tá níos mó ná fiche cúig bliain de thaithí agam ar chúrsaí oideahcais in Éirinn. Ceapadh mé i mo Leas-Phríomhoide Gníomhach ar Choláiste Muire, Tuar Mhic Eádaigh i Mí Lúnasa 2018. Ansin, ghlac mé le bród agus le fuinneamh leis an gceapachán mar Phríomhoide na scoile i Mí Eanáir 2019. Ó 2017-2018, ba phribhléid dom a bheith ar iasacht ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua (áit a d’oibrigh mé mar mhúinteoir Fraincise ó 2005 – 2017), leis an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (Oide). Tá taithí agam mar theagascóir le Fraincis ar mhic léinn tríú leibhéal ar an Mháistreacht Gairmiúil san Oideachas. Sa bhlaiin 2000, bhain mé céim sa Ghaeilge agus Fraincis amach ó Choláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Tá Ard-Dioplóma san Oideachas, Gaeilge agus Fraincis bainte amach agam ó Ollscoil na Gaillimhe. Sa bhliain 2019, bronnadh Máistreacht san Oideachas orm, Ollscoil na Gaillimhe.
Tá mé an-sásta glacadh leis an bhfreagracht a bheidh orm mar Phríomhoide ar Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal an tumoideachas lán-Ghaeilge ar ard-chaighdeán a spreagadh, a éascú a neartú agus a chaomhnú i measc gach cohórt foghlaimeora. Beidh mé díograiseach agus dílis do na buntáistí éagsúla a bhaineann le cultúr agus pobal foghlama trí mheán na Gaeilge a threisiú agus a chaomhnú. Beidh mé tiománta d’ardú feasachta maidir leis na caithimh aimsirí agus leis na deiseanna gairmeacha beatha a bhaineann le cúrsaí Gaeilge.
Glacfaidh mé le dúthracht feidhmiú mar éascaitheoir do sholáthar eispéireas oideachais uilechuimsitheach agus iomlánaíoch a fhorbraíonn agus a léiríonn suimeanna, féinfhiúlacht chultúrtha agus cúlra an scoláire. Beidh dualgas orm freastal go muiníneach, go cothrom agus go héifeachtach ar gach fhoghlaimeoir a bhfuil riachtanais breise san oideachas aige; aici nó eile. Aithním go bhfuil tionchar ar oideolaíocht atá foghlaimeoir lárnach ar ghnóthachtáil gach scoláire sa gcóras tumoideachais lán-Ghaeilge i gColáiste Chroí Mhuire. Tá suim agaim i gcaidrimh oibre bhríoch agus thairgiúil a chothú agus a chur chun cinn le foireann theagaisc na scoile ar bhealach praiticiúil ábhartha agus trí fhorbairt ghairmiúil leanúnach a spreagadh agus a thacú a d’éascódh plé, foghlaim agus cleachtas machnamhach sa scoil.
Mar chleachtóir machnamhach, tuigim an luach a bhaineann le cumas na héisteachta a láidriú agus cinntí daonlathacha a thógáil chun comhionannas deiseanna a chothú agus a shaibhriú do na scoláirí uile. Airím go bhfuil timpeallacht foghlama nuálaíoch agus fholláin mar bhunús ar rath ionchais arda do na foghlaimeoirí a aimsiú. Creidim in aistear foghlama dearfach do gach scoláire a fhorbairt agus a cheiliúradh i gColáiste Chroí Mhuire. Tá rannphairtíocht thairgiúil gach scoláire mar chuisle na scoile.
Tá mé ag súil le Fís threorach Choláiste Chroí Mhuire a chur in iúl trí mo láithreacht gairmiúil féin mar Phríomhoide na scoile, trí mo chuid saineolas féin mar oideachasóir agus trí mo chuid idirghníomhaíochtaí laethúla leis na scoláirí, le tuismitheoirí, leis an bhfoireann theagaisc, leis an bhfoireann choimhdeach, leis an mBord Bainistíochta agus le hUdaráis Bainistíochta eile.
Tá mé réidh tabhairt faoin dúshlán fuinniúil a bhaineann le bheith i mo Phríomhoide ar Choláiste Chroí Mhuire. Eispéireas gairmiúil agus pearsanta atá i ndán dom a ligfidh dom leanúint le mo ghrá don Ghaeilge ar bhealach a shaibhríonn turas oideachasúil gach scoláire.
Ar nóta deireadh, nóta atá pearsanta agus speisialta dom, ba bhreá liom buíochas ó chroí a ghabháil le Tríona Bean Uí Mhurchú as ucht an fáilte chroíúil, an cúnamh agus an cairdeas atá léirithe aici dom ó ghlac mé le ról an Phríomhoide. Tréaslaím le Tríona as ucht na hiarrachtaí uile agus an obair chrua atá déanta aici ar son na scoile. Tuigim gur chuir sí a croí agus a hanam isteach ina cuid oibre mar Phríomhoide ar Choláiste Chroí Mhuire. Guím gach rath agus gach dea-shláinte ar Thríona in sna blianta geala atá amach roimpi.
Tá mé ag súil go mór le haithne a chur ar phobal na scoile in sna seachtaine, na míonna agus na blianta atá amach romham. Le cúnamh Dé, le chéile, cinnteoidh go mbeidh ár scoil, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal ag dul ó neart go neart.
“Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine”.
Go raibh míle maith agaibh.
Le gach dea-ghuí,
Gráinne Ní Fhlannabhra.