Áras Chois Fharraige
Thug ceoltóirí na scoile, chomh maith le daltaí ón idirbhliain agus an séú bliain cuairt ar Áras Chois Fharraige arís i mbliana. Chuir siad ceolchoirm na Nollag ar siúl do chónaitheoirí an Árais agus bhronn siad pacáiste Nollag ar gach duine ann. Bhain gach duine, idir óg agus aosta an-sult as an mhaidin @araschoisfharriage.
Ár mbuíochas le hAislinn Ní Thuairisc a d’eagraigh an ócáid álainn seo agus ár mbuíochas freisin le Hilary Vesey a threoraigh na ceoltóírí.