Seaimpíní Diospóireachta na hÉireann

Comórtas Dhíospóireacht Uí Chadhain: An Chraobh Náisiúnta 2019

Tréaslaíonn muid go mor leis an dá fhoireann díospóireachta ar éirigh leo  a bheith sa chraobh náisiúnta den chomórtas seo ina mbíonn scoileanna Ghaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge in iomaíocht lena chéile. Bhí an Chraobh ar siúl ar an gCéadaoin 23ú Eanáir i mBiorra, agus ba é an tOllamh Cíarán Ó hÓgartaigh, Uachtaráin Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bhí mar Chathaoirleach agus mar aoí-chainteoir ag an ócáid. Feilim Mac Donnchadha, Seán Mac Labhraí, Áine Hensey, Íde Uí Uallacháin agus Eoghan Mac Cormaic a bhí mar mholtóirí agus ní jab éasca a bhí acu.

Thosaigh an Chraobh leis an gcomórtas Sóisearach. Bhí ceithre fhoireann san iomaíocht, muid fein, Coláiste Eoin, Coláiste Íosagáin agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Bhí Oisín Ó Coistealbha, Eoin Ó Neachtain agus Ailbhe Ní Neachtain ar an bhfoireann s’againne. Phléigh said an rún a dúirt go bhfuil cultúr na tíre seo slán sábháilte i lámha an aosa óig agus bhí Oisín, Eoin agus Ailbhe ar son an rúin. Rinneadar sár-jab, bhíodar láidir líofa agus paiseanta, ach, faraor, níor thugadar an tráthnóna leo ar an ócaid seo. Táimid an-bhródúil as an éacht a rinneadar agus táimid cinnte go mbeidh lá eile acu amach anseo.

Thosaigh Craobh na Sinsear ina dhiaidh sin. An uair seo bhí Coláiste Chroí Mhuire in aghaidh Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Coláiste Pobail Rath Chairn agus Coláiste Eoin agus phléigh said an rún a dúirt gur córas roghnúcháin cothrom é córas na bpointí. Bhí muidne in aghaidh an rúin. Ar an bhfoireann bhí Aoife Nic Dhonncha, Siobhán Ní Neachtain agus Aisling Ní Chonghaile. Bhí sár-scileanna díospóireachta le feiceáil sa dhíospóieacht seo freisin ach ag an deireadh fógraíodh go raibh foireann na scoile mar churaidh na hÉireann. Bhí ríméad ar an bhfoireann agus ar an lucht tacaíochta a bhí leo. Scaip an scéal agus thosaigh na glaonna agus na téacsanna ag teacht isteach go fras. Bhí na díospóireachtaí craolta beo ar mholscéal TG4, rud a chabhraigh go mór le gaolta agus le pobail na scoileanna uilig nach raibh in ann taistil. Ar ndóigh tá na físeáin feicthe mile uair ó shin againn!.

Bhí sé deireannach san oíche nuair a landáil na foirne sa Spidéal agus bhí slócht ar chuile dhuine théis a bheith ag casadh amhrán ón Count Arms go geataí na scoile.

Ba mhaith linn comhghairdeachas a dheanamh le gach duine acu agus buíochas ó chroí a ghlacadh le gach dune a chabhraigh leo, na múinteoirí Caitríona Ní Ghriallais agus Tríona Uí Mhurchú, na tuismitheoirí a thug an-chuid cúnaimh, pobal na scoile a thaistil chuig na díospóireachtaí ar fad agus na múinteoirí agus ranganna scoile a d’éist leis na foirne agus a chuir comhaairle luachmhar orthu. Ba mhaith linn buíochas ar leith a ghlacadh leis na hioadaithe Kayleigh Ní Ruanaigh agus Seán Ó Gallchobhair.

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • ColChroíMhuireSinseartoradh.jpg
  • ColáisteChroíMhuireSóis.2.jpg
  • ColChroíMhuire,TríonaUíMhurchú,AÓC, CÓhÓg - Copy.jpg
  • ColChroíMhuireJuniors&CNicG.jpg

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán