Tech Féile
Bhí lucht na hIdirbliana ag tnúth go mór le TechFéile 2018 a bhí ar siúl i gColáiste Ealaíona agus Dearadh, i Luimneach Dé hAoine seo caite. Eispéireas den scoth a bhí ann, d’fhoghlaim siad go leor agus is cinnte gur bhain siad as-sásamh as.
I measc na himeachtaí bhí: aisteoireachta le Fibín, obair cheamara le Darach Ó Tuairisc (Fibín), ceardlann ar na Meáin Sóisialta le Loretta Ní Ghabháin , ceardlann Tráchtaireacht Spóirt le MacDara MacDonnacha, agus Ceardlann “Ciorcaid Simplí”. Ag deireadh an lae bhí siad mar “réalta nua” ag AImsir TG4, bhí an-spórt acu le Caitlín Nic Aoidh ó Aimsir TG4 mar a fheicfidh sibh sna pictiúir thíos.
Ár mbuíochas le Piaras Ó Mainín agus le Stiofán Ó Conchubhair a bhí in éineacht leo
Faigh amach níos mó faoin lá tríd úsáid a bhaint as an nasc seo: https://spark.adobe.com/page/Lboc3dkLHuShp/