Tuairisc Aontaithe an Bhoird Bainistíochta

Tuairisc Aontaithe an Bhoird Bainistíochta 11 Feabhra 2020

Baill an Bhoird a bhí i lathair

Díospóireacht Uí Chadhain 2020

Cosaint Leanaí

Máire Uí Neachtain

Sr. Máura Ní Chrógha

Séamus Ó Tuathail

Tara Nic Dhiarmada.

Patricia Uí Ghabhnáin.

Máirín Uí Chéidigh.

 

Cúrsaí airgid

Cuireadh na cuntais go dáta faoi bhráid an Bhoird. Pléadh staid na gcuntas go dti seo i mbliana leis an mBord agus thug an PO le fios gur pléadh iad leis an gcuntasóir ata an-sasta leo.

Comhfhreagras

Pléadh an comhfhreagras

An Foirgneamh

Cuireann an Bord fáilte mhór roimh an scéal is déanaí maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaobh na hoibre móire a bheidh déanta ar an bhfoirgneamh. Tá an Bord ag súil go mór le bheith ag obair leis an JMB ar an tionscnamh seo.

 

Tréaslaíonn an Bord leis an bhfoireann sinsearach díospóireachta a thug Craobh na hÉireann le oar an 22ú Eanáir.

________________

Fóram Phleanáil Teanga

D’fhreastal an PO ar an gcruinniú is déanaí de chuid an Fóram Um Phleanail Teanga Chois Fharraige ar an 30ú Eanáir.

Rúin Comhbhróin

Déanann an Bord comhbhrón le baill foirne agus le pobal na scoile ar cailleadh duine muinteartha leo le déanaí

Comhghairdeachas

Déanann an Bord comhghairdeachas leis an ngrúpda scolairí a tháinig sa dara háit go náisiúnta sa chomórtas Dúshlán

Beidh an chéad chruinniú eile den Bhord ar an 19ú Márta 2020.

 

Tugadh an cuntas ar chosaint leanaí don Bhord, ní raibh aon ní le tuairisciú.

Guth an scoláire

Tá súil ag an mBord go bhfreastlóidh ionadaithe ón gCoiste Gucci Gaeilge ar an gcéad chruinniú eile a beidh ag an mBord i mí Mhárta le cúrsaí Gaeilge a phlé leis an mBord.

_________________________________

Moladh

Molann an Bord na ceoltóirí óga a ghlac páirt sna ceolchoirmeacha a cuireadh ar bun do mhuintir Áras Chois Fharraige agus do mhuintir Tearmann Éanna roimh Nollaig. Glacann an Bord buíochas leo agus leis na múinteoirí Hilary Vesey agus Mícheál ó Fátharta a d’eagraigh na hócáidí. Tugann an Bord moladh freisin don ghrúpa mór scoláirí a ghlac páirt I seirbhís carúl an pharóiste roimh Nollaig

________________________________.

Cigireacht

_Cuireadh tuairisc na cigireachta Matamaitice faoi bhráid an Bhoird. Molann an Bord an fhoireann agus na scoláirí as ucht na ndea thuiariscí a fuair said.

______________________________

Idirbhliain 2020-21

_________________________________

Aithníonn an Bord na dúshláin agus na deacrachtaí a bhaineann le freastal ar an líon mór scolairí ar mhaith leo cúrsa na hIdirbhliana a dhéanamh an chéad scoilbhliain eile. Ba mhaith lesi an mBord a bheith in ann freastal ar na scoláirí más féidir. Déanfar tuilleadh plé ar an gceist tar eis don Phríomhoide labhairt leis na tuismitheoirí arís.

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán